Luimneach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Luimneach
Crest
Learscáil
Íomhá:Town_in_Ireland.png
Íomhá:Ireland map County Limerick Magnified.png
WGS-84 (Comhordanáidí GPS)
52.6652° N 8.6238° W
Comhórdanáidí Eangach
Náisiúnta na hÉireann
R574572
Daonra an bhaile: 52,560
Daonra thuathúil:
Airde:
Contae: Contae Luimnigh
Cúige: An Mhumhain

Is í Luimneach an cheathrú cathair is mó in Éirinn agus an tríú cathair is mó sa Phoblacht. Tá sí suite ar bhruach na Sionnaine i gcontae Luimnigh in iar-dheisceart na tíre.

Clár ábhair

[athraigh] Mana

Is as an Aeneid mana Luimnigh "Urbs antiqua fuit studiusque asperrima belli", cur síos Virgilius faoi Chartag i gcéad líne leabhar IV. Is é a mhíniú as Gaeilge ná "Bhí cathair ársa ann oilte in ealaíon an chogaidh".

[athraigh] Daonra

Limerick 8.62039W 52.65741N.jpg
Radharc shaitilít ar Luimneach
Radharc shaitilít ar Luimneach

Tá cónaí ar tuairim is 54,000 daoine sa chathair féin ach tá beagnach 100,000 áitreabhaigh i mórcheantar Luimnigh. Ba Éireannaigh níos mó ná 95% díobh suas go dti 1995 ach, ó thús inimirce isteach sa chathair ó shin i leith, tá pobail ón bPolainn, ón Sín, ón Rúis, ón Liotuáin, ón Nígéar agus ó thíortha eile tar éis cur futhu sa chathair.

Is iad ainmneacha clainne Thuaiscirt na Mumhan na sloinni is coitianta sa chathair - m.sh. Ó Briain, Ó Riain, Mac Conmara, Mac Gearailt, Ó hAodha, Ó Gliasáin, Ó hIfearnáin, Ó hÓgáin, Ó Maoldomhnaigh - chomh maith le na sloinni is cotianta i nDeisceart na hÉireann ar nós Ó Muchú, Ó Ceallaigh, Ó Súilleabháin, Mac Cárthaigh, de Paor, de Burca, Ó Loinsigh agus Ó Foghlú.

Tá sloinní ann ar nós Ó Colptha agus Ó Stóráin atá i bhfad níos coitianta i Luimneach na in aon áit eile in Éirinn.

Síol Gaelach atá ag formhór sloinni coitianta na cathrach (cé go bhfuil bunús Normannach ar Mac Gearailt, de Paor agus de Burca) ach tá sloinni Luimníocha ann freisin ar tháinig as tíortha eile ins na haoise roimhe seo. Ina measc siúd, tá Price, Williams agus Llewellyn (ó saighdiúiri ón mBreatain Bheag in ngarastún na Breataine), Harold agus Peacock (ó na Lochlannaigh) agus Chawke, Bovenizer agus Shire (ó Phalaitínigh na Gearmáine a chuir futhu i gContae Luimnigh san 18ú aois).

[athraigh] Stair

Ós rud é gurb í an t-áth dheireanach trasna na Sionnaine, bhí tabhacht straitéisach ar leith i gcónaí ag Luimneach agus bhí daoine ag cur futhu sa shuíomh in a bhfuil Luimneach ann faoi láthair ó thús stair na hÉireann. Thagair Ptolmey don áit ar thug sé Regia mar ainm uirthi.

Ba iad na Lochlannaigh ar bhunaigh an chathair mar a thuigtear anois é timpeall na bliana 812 AD agus ba as a sheoladar nuair a bhíodar ag iarraidh a rial a leathnú níos domhaine i lár na hÉireann. I ndiaidh Cath Cluain Tairbhe i mblian 1014, tháinig an chathair arís faoi thionchar na clainne Gaelacha. Ba iad na Brianaigh an clann ba láidre agus ba i réimis an taoisigh Domhnall Mór Ó Briain ar bhunaigh Árdeaglais Mhuire.

Carraig an Chonartha - 1691
Carraig an Chonartha - 1691

Sa bhlian 1170, ghabh na Normannaigh an chathair agus tógadh Caisleán an Rí Eoin go gairid in a dhiaidh sin. Bronnadh cairt cathrach ar Luimneach i 1197 agus ba é Adam Sarvant a céad mhéara.

D'ionsaigh Oilibhéar Cromail an chathair sa bhlian 1650 agus cuireadh faoi léigear í sna blianta 1690 agus 1691 i rith an chogaidh idir Rí Uilliam Oráiste agus Rí Séamus II Sasana. Síníodh Conradh Luimní i ndiaidh an dara léigear inar ghealladh saoirse creidimh do Chaitlicigh ach briseadh é go gairid in a dhiaidh sin.

San 18ú aois, leathnaíodh an chathair lasmuigh des na sean-fhallaí agus tógadh na tithe Seoirseacha i lár an bhaile nua. Ach i ndiaidh Acht an Aontais le Sasana sa bhlian 1801, tháining meath ar Luimneach nuair a chailleadh mor-chuid dá cheangail trádála le Meiriceá agus le Mór-Roinn na hEorpa. I lár an 19ú aois, chaill sí a h-áit mar an dara cathair is mó in Éirinn nuair a thit sí taobh thiar de Bhéal Feiriste agus Corcaigh.

Bhí mórán cogaíocht i Luimneach agus sa cheanntar máguaird i rith Cogadh na Saoirse (1919-1921) agus an Cogadh Cathartha na hÉireann (1922-1923). Ach tháinig feabhsú mór eachnamaíochta uirthi tar éis bunú Aerfort na Sionna mar phríomh-ionad taistil tras-Atlantach i 1948.

[athraigh] Suíomh

Léarscáil Luimnigh lena bruach-bhailte
Léarscáil Luimnigh lena bruach-bhailte

Tá Luimneach suite in iarthar na hÉireann ar bhruach na Sionnaine timpeall 210km siar ó dheas ó phríomh-chathair ne Poblachta Bhaile Átha Cliath. Tá sí beagnach leath-bhealach idir Gaillimh (an séú chathair is mó sa tír atá 108km ó thuaidh di) agus Corcaigh (an tríú chathair, 106km ó dheas). Tá Port Láirge, seachtú cathair na hÉireann, suite 125km soir ó dheas di.

Cé go bhfuil sí beagnach 100 km ón bhfarraige, tagann na taoide suas cuichi trí Bhéal na Sionnaine. Tá an sean-chathair roinnte in ndá chuid - an Baile Gallda ar Oileán an Rí agus and Baile Gaelach ó dheas de thar Abhann na Mainistreach (fo-abha na Sionnaine). Ar bhruach thuaidh den Sionna ón mBaile Gallda, tá Sparr Thumhan.

Glaotar an Baile Nua (nó Baile Nua an Phoirigh) ar lár na cathrach atá anois ann agus leathnaíonn an cheanntar seo siar ón mBaile Gaelach. Sa 19ú aois agus sa 20ú, bunaíodh bruach-bhailte mar Bóthar na hInse, Cathair Daibhín, Máigh Ros, Corrbhaile, Caladh Uí Threoigh, An Cnoc Theas, Baile na Cora agus An Ráithín agus tá formhór an daonra ag cur fúthu sna ceanntracha sin sa lá atá inniu ann.

[athraigh] Rialtas Áitiúil

Is é Comhairle Cathrach Luimní údarás áitiúil na cathrach ach, ós rud é nár leathnaíodh a theorainn ón mblian 1950, tá cónaí ar leath daonra an mhór-chathar lasmuigh de in mbruach-bhailte faoi údarás Chontae Luimní agus Chontae an Chláir. Dá bharr sin, tá líon na ndaoine a bhfuil seilbh acu ar a dtithe féin I bhfad níos isle i gCathair Luimní ná in aon údarás áitiúil eile i bPoblacht na hÉireann.

Ba é Bárdas Luimní ainm an údaráis on a bhunú sa bhlian 1197 suas go dti 2004 nuair a d’aistríodh é i ndiaidh reachtíaodh nua na Pairliminte náisiúnta, Dáil Éireann faoi rialtas áitiúil.

Teach na Cúirte, Cé na gCeannaithe, Luimneach, tar éis a ath-thógáil sa bhlian 2004
Teach na Cúirte, Cé na gCeannaithe, Luimneach, tar éis a ath-thógáil sa bhlian 2004

[athraigh] Baill Tofa

Toghtar 17 mball an Chomhairle gach cúig bliain. Tá an chathair roinnte i gceithre bharda le ceithre nó cúig shuíochán an cheann. Tugtar Seanóir ar an gcéad ball a thoghtar i ngach barda agus tugtar Comhairleoir ar na baill eile.

[athraigh] Cumhachtaí

Gach blian ag deireadh mhí Mheithimh, toghann na Comhairleoiri a gcathaoirleach agus tugtar an Mhéara air. Cé gur céad saoránach na cathrach é, is beag cumhacht ar leith a bhfuil aige mar gur le Bainisteoir na Cathrach (atá ceaptha ag an rialtas náisiúnta) na cumhachtaí feidhmiúcháin.

I gcásanna áirithe, is féidir leis na Comhairleoirí cinniúintí an Bhainisteoir a dhiúltiú ach, má dhiúltíaonn said an buiséad bliantúil agus muna bhfuil a mhalairt plean acu, is féidir le Aire Chomhshaoil Dáil Éireann an Chomhairle a scaipeadh.

[athraigh] Dualgaisí

I measc dualgaisí an Chomhairle, tá pleanáil agus forbairt, trácht áitiúil, bóithre neamh-náisiúnta, leabharlanna, seirbhísi séarachais, glanú, soilsiú agus uisce, bailiú rátaí, mótorcháin agus táillí áitiúla agus tithíocht sóisialach.

[athraigh] Ailtireacht

Ardeaglais Mhuire (Eaglais na hÉireann) a bhunaíodh sa 11ú aois
Ardeaglais Mhuire (Eaglais na hÉireann) a bhunaíodh sa 11ú aois
Tithe an Déirce, Sráid Nioclás sa bhlian 1982. Tógadh iad sa 17ú aois.
Tithe an Déirce, Sráid Nioclás sa bhlian 1982. Tógadh iad sa 17ú aois.
Tithe Seoirseacha a thógadh ag deireadh an 18ú aois i Sráid Mháigh Eala, Luimneach
Tithe Seoirseacha a thógadh ag deireadh an 18ú aois i Sráid Mháigh Eala, Luimneach
Rae tithe beaga ón 19ú aois i bPlás Mhic Gearailt sa bhlian 1982. Leagadh iad ag tús na blianta 1990í
Rae tithe beaga ón 19ú aois i bPlás Mhic Gearailt sa bhlian 1982. Leagadh iad ag tús na blianta 1990í
Foirgnimh nua ar Ché an Easpaig a thógadh ag deireadh blianta na 1990í
Foirgnimh nua ar Ché an Easpaig a thógadh ag deireadh blianta na 1990í

Maraon le cathracha eile na hÉireann, tá oidhreacht ailtireachta ar leith ag Luimneach. Ach toisc ná fuil cáil turasóireacht uirthi, níl an aithne céanna ar radharcanna Luimnigh ná mar a bhfuil ar a leithéid I mBaile Átha Cliath, Corcaigh agus Gaillimh.

Bunaíodh Luimneach mar ionad trasnú na Sionnainne agus tá fócas na cathrach dírithe fós ar an abhann d’ainneoin gur chas sí a drom uirthi le blianta mar is gnáthach le formhór bailte na hÉireann. Ach ó blianta na 1980í, tá an béim tar éis teacht ar ais ar an abhann, go mór mór faoi thionchar Shéamuis Baróid (Jim Barrett as Béarla) a d’fhreastal mar ailtire an Bhárdais sna am agus chabhraigh tógáil Droichead na Sionnainne idir Sráid Mháigh Eala agus Trá Mhic Fhlannchadha sa bhlian 1988 go mór le ath-lárú na cathrach.

[athraigh] Ceilt

Níl aon iarsmaí fágtha sa chathair féin ón ré roimh teacht na Lochlannach i 814 ach i Mungairit, 5km siar ó dheas ón lár, tá iarsmaí mainistir Mhainchin Nafa, pátrún Luimnigh, le fesicint. Tá ráthanna, ionaid cónaí Ceilteacha, fós le feiscint in Áth na Coite agus Móin a’Lín, 6km soir ó la na cathrach.

[athraigh] Lochlannaigh agus Normannaigh

Is í Ardeaglais Mhuire an t-aon foirgneamh atá fágtha ó ré na Lochlannach ach cé gur bhunaigh Domhnall Mór Ó Briain í san 11ú aois, athráiodh go mór í sna blianta ina dhaidh agus is ón 14ú agus ón 15ú aois an chuid is mó den eaglais atá ag seasamh anois ann.

Thóg na Normannaigh Caisleán an Rí Eoin ar bhruach na Sionnainne i dtús an 13ú aois agus is fós ceann des na radharcanna is suantasaí sa chathair é.

[athraigh] Sasanaigh, Tiúdair, Stíobhartaigh

D’fhan Luimneach laisitigh dá fallaí ó aimsear na Normannach suas go dti léigear 1691. Is beag foirgnimh atá fágtha ón réim sin mar, nuair a leathnaíodh í, tháinig lobhadh mór ar an mBaile Gallda agus ar an mBaile Gaelach. (Leis an bhfírinne a rá, lean an lobhadh sin gan stad go dti deireadh an 20ú aois).

Is measc na h-iarsmaí atá fós le feiscint ón ré sin, tá Tithe an Déirce ar Shráid Nioclás agus Palás an Easpaigh ar Shráid an Chaisleáin.

[athraigh] Seoirsigh

Is iad sráideanna Seoirseacha Baile Nua an Phoirigh an radharc is sainiúla Luimnigh sa lá atá inniu ann. Ath-thógadh an chathair tar éis scrios léigear 1691 agus, go mór faoi thionchar chlann Arthur, pleanáladh baile nua-aimsearach ar structúr gréille ar riasc bruach theas na Sionnainne. Úsáideadh brice dearg go forleathan í dtógail Sráid Sheoirse (a ath-aimníodh Sráid Uí Chonaill i indiaidh saoisre na tire) agus na sráideanna mor-thimpeall di agus tá na tithe agus na foirgnimh le feiscint ón ré sin fós le feiscint I dtimpeallacht an Chorráin.

Ainmníodh formhór sráideanna Bhaile Nua Phoirigh in onóir chlann Arthur. Ina measc, tá Sráid Phádraig, Sráid Liam, Sráid Cháitríona, Sráid Annraoi, Sráid Thomáis agus Cé Artúir.

Ath-thógadh formhór na sean-séipéil san am sin freisin ar nós Séipéil Eaglais na hÉireann Naomh Eoin i gCearnóg Eoin, Naomh Mhichíl i gCeárnóg Poirigh agus Naomh Mhainchin ar Shráid an Easpaig.

D’fhás calafort Luimnigh go tapaigh san 18ú aois de bharr a thrácht le Meiriceá, le Sasana agus le Mor-Roinn na hEorpa agus tá an-chuid stórais fágtha ón ré suite gar don Sionnainn i mBaile Nua Poirigh.

[athraigh] An 19ú Aois

Leathnaigh an chathair a thuilleadh tar éis teacht na gcanálacha i dtús an 19ú aois, tógáil Droichead Wellesley (anois Droichead an tSairséiligh) idir Baile Nua an Phoirigh agus an mbruach thuaidh sa bhlian 1832, teach an iarnróid ins na blianta 1840í agus fás na monarchan i dara leath na h-aoise.

Bhí tionchar láidir ar dtús ag garastún míleata na Breataine ar fás na cathrach agus is i dtimpeallacht an dá bhearaic (Dún an tSairséiligh agus Dún an Trá sa lá atá inniu ann) ar fhás na céad bruach-bhailte. Tógadh tithe d'ofigigh agus do mhuintir saibhre na cathrach that ar Ascall Uí Chonaill agus Bóthar na hInse agus do ghnáth-shaighdiúiri agus d’oibrithe na cathrach thart ar Sparr Thumhann, Sráid Eadbhaird agus Garraí Eoin.

Tar éis fuascailte an Eaglais Caitliceach, tógadh an-chuid séipéil, clochair agus foirgnimh reiligiúnda eile. Ina measc sin, tá Ardeaglais Eoin ar a bhfuil an stua is aired in Éirinn.

[athraigh] An 20ú Aois

Cé nár tháinig ach beagán fás ar Luimneach suas go dti blianta na 1960í, scroiseadh slumanna lár na cathrach agus tógadh eastáit nua an Bhárdais mar Pháirc Mhuire, Garraí Eoin, Baile Shinéid agus Baile Neachtain.

Le teacht an tionscal nua-aimsearach ón mblian 1960, thóg an Bárdas tuilleadh eastáit nua i Máigh Ros agus Cnoc Theas agus d’fhás an-chuid eastáit príobhádacha sna bruach-bhailte ar imeall na cathrach. San am sin, leathnaigh Luimneach i bhfad thar a teoranna dlithiúl agus tá leath daonra na mór-chathracha ina gcónaí anois igContae Luimní agus igContae an Chláir.

Bhí lobhdh mór tar éis teacht ar lár na cathrach suas go blianta na 1980í ach ath-thógadh an chuid is mó di ó shin i leith. Tá an-tionchar ag an gcomhlucht ailtireachta Murray Ó Laoire ar cruth nua Luimnigh agus go mór mór ar na hád-fhoirgnimh a thógadh ar bhruach theas na Sionnainne, í dtimpeallacht Sráid Annraoi agus i dtimpeallacht abhann na Mainstrach.

[athraigh] Iompar

[athraigh] Traein

Sé Stáisiún Cholbert ar Shráid Pharnell stáisiún traenach Luimní. Imíonn traenacha uaidh go dti Baile Átha Cliath, Port Láirge agus Ros Láir, Aonach agus Ros Cré, Corcaigh agus Inis agus ta pleananna ann chun line na hInse a leathnú chuig Gaillimh agus Clár Clainne Mhuiris.

[athraigh] Busanna

Imíonn fad-sheirbhísi Bus Éireann ó Stáisiún Cholbert chomh mhaith go dti Baile Átha Cliath, Ros Cré, Cill Chainnigh, Port Lairge, Corcaigh, Cill Áirne, Inis, Gaillimh, Sligeach, Áth Luain agus bailte móra eile ne hÉireann. Tá seirbhísi áitiúla chuig bailte mar Sionna, Caisleán Uí gConaig, Brú na Déise, Caisleán Nua Thiar agus Faing agus tá seirbhís cathrach ag freastail ar na bruach-bhailte. Is iad a leanas príomh-bhealaigh Bus Éireann i gcathair Luimní:

Léarscáil Iarnróid agus príomh-bhóithre Luimnigh
Léarscáil Iarnróid agus príomh-bhóithre Luimnigh

Is iad na príomh-bhóithre as Luimneach ná:

  • 301 Lár na Cathrach go dti Bruach na Sionnainne
  • 302 Lár na Cathrach go dti Cathair Daibhín
  • 302A Ollscoil Luimni go dti Cathair Daibhín
  • 303 Páirc Carrúin go dti Baile Neachtain
  • 304 Lár na Cathrach go dti Ráithín trí Ascall Uí Chonaill
  • 304A Lár na Cathrach go dti Ráithín trí Páirceanna Glasa
  • 305 Páirc Lynwood go dti Timpeallán Cuanach
  • 306 Páirc Craebhal go dti Páirc Uí Mháille
  • 308 Lár na Cathrach go dti Ollscoil Luimní trí Bhóthar Childers
  • 308A Lár na Cathrach go dti Ollscoil Luimní trí Thobar na Pimgine
  • 309 Radharc na Giúise go dti Páirc Mhuire
  • 312 Lár na Cathrach go dti Baile Coimín

[athraigh] Bóithre

[athraigh] Aerfoirt

Aerfort na Sionna suite 25km siar ó lár na cathrach i gContae an Chláir le seirbhísi tras-Atlantacha, chuig an mBreatain agus chuig Mór-Roinn na hEorpa. Tá 20 eitilti idir-náisiúnta ar fáil uaidh gach lá ó Ryanair chomh mhaith le seirbhísi Aer Lingus, Delta, Continental, Central Wings, Belavia agus aerlínte eile. Tá aerfort beag príobhádach ar imeall thiar-thuaidh na cathrach i gCuanach.

Radharc ar Chaisleán Rí Eoin, Droichead Thumhan agus Abhann na Sionnaine
Radharc ar Chaisleán Rí Eoin, Droichead Thumhan agus Abhann na Sionnaine

[athraigh] Calafoirt

Tá calafort fós ann i lár na cathrach ach tá an chuid is mó dá thrácht aistrithe anois go Faing atá suite 30km siar ar Bhéal na Sionnainne.

[athraigh] Canálacha

Ba iad an tSionna agus a canálacha an príomhcheangal idir Luimneach, Baile Átha Cliath, Port Láirge agus bailte móra Lár-Thír na hÉireann ón 18ú aois agus teacht an iarnróid tuairim na bliana 1845. Thóg an Chomhlucht Canáil Mhóir na hÉireann canáil idir Bhaile Átha Cliath agus Cuan na Sionainne i gContae Uíbh Fhailí agus leathnaíodh an córas tríd an Sionna, Loch Deirg agus Canáil an Abhainn Duibh síos go dtí Luimneach. Dúnadh an Canáil Mhór do last-iompar sa bhliain 1961 ach ath-osclaíodh córas Íochtar na Sionainne do thrácht saoire sa bhliain 2001. Faoi láthair na h-uaire, tá na ceangail canálacha seo a leanas ó Luimneach:

  • ar an Sionna agus Canáil Ard na Croise go dtí Cill Dalua, Cuan na Sionainne, Port Omna, Áth Luain, Tearmann Barra, Cara Droma Rúisc agus Droim Seanbhó.
  • ó Chuan na Sionainne ar an gCanáil Mhór go dtí An Tulach Mór, Cúl an tSúdaire, Mainistir Eimhín, Na Solláin agus Baile Átha Cliath.
  • ó Mhainistir Eimhín ar Chanáil na Bearbha go dtí Ceatharlach, Ros Mhic Thriúin agus Port Láirge.
  • ó Thearmann Barra ar an gCanáil Ríoga go dtí An Muileann Cearr, Cill Choca, Maigh Nuad agus Baile Átha Cliath.
  • ó Dhroim Seanbhó ar Chanáil Bhéal an Átha Mhóir-Bhaile Chonaill agus Loch Éirne go dtí Inis Ceithleann agus Béal Leice.

Tá pleananna ann chomh mhaith chun an córas a nascadh le córas na Banna trí ath-oscailt Canáil Uladh idir Loch Éirne Uachtar agus Loch n-Eachadh agus, dá bharr, bailte ar nós Cúl Raithin, Port an Dúnáin agus Muineachán a cheangailt le Luimneach.

[athraigh] Eacnamaíocht

[athraigh] Siopadóireacht

Ionad Siopadóireachta an Chorráin, Tuar an Dúill, 2005
Ionad Siopadóireachta an Chorráin, Tuar an Dúill, 2005

Bhí cáil ar leith ar Luimneach ó lár an 19ú aois mar ionad siopadóireachta mar go raibh sí suite ar ghabhal príomh-bhealaigh Deisceart agus Iarthar na hÉireann. Agus ós rud é go raibh sí suite i lár limistéar tabhachtach feirmeorachta Machaire Méith na Mumhan, ba ionad nádúrtha margaidh í chomh maith.

Cé gur laghdaigh a tabhacht i lár an 20ú aois nuair a d'éirigh tionchar Bhaile Átha Cliath níos troime in eacnamaíocht na tíre, tá sé ag fás arís maraon le fás coitianta na hÉireann. Cuideoidh forbairt córas mór-bhóithre na tíre leis an bhforbairt seo ós rud é go gcuireann sé Luimneach 70 nóiméad taistil ó Chorcaigh, Gaillimh agus Port Láirge, na mór-ionaid réigiúnacha eile na tíre.

Tá ceanntar siopadóireachta lár na cathrach ag leathnú ó 1990 anuas agus tá páirceanna móra siopadóireachta á thógáil ar imeall na cathrach, go mór ar Bhóthar Bhaile Átha Cliath (N7), Bóthar Béal Átha Siomóin (N24), Bóthar Corcaigh (N20), Bóthar na nDuganna (N69) agus Bóthar na hInse (N19).

Gach maidin Dé Sathairn, díoltar glasraí, feoil, bláthanna, torthaí, bréagáin, crua-earraí, earraí ealaíona agus a thuilleadh i Margadh an Bhainne atá suite idir an Sráid Ard agus Sráid Éibhlín sa Bhaile Gallda.

[athraigh] Mór-Thionscal

Ón 18ú aois suas go dti lár an 20ú aois, bhí cáil ar leith ar Luimneach mar ionad próiséis bia. Ba iad monarchain leasú bágúin (Shaws, Mattersons, O'Mearas agus Dennys), muilinn plúir (Ranks) agus uachtarlanna i measc na tionscal is tabhachtaí chomh maith leis na monarchain éadaigh, tabac agus leathair. Ach tar éis teacht an tsaor-thráchtála sna 1960í, dúnadh a bhformhór.

Bunaíodh móráin monarchain nua sa chathair, sna bruach-bhailte agus i mbaile nua Sionna idir 1960 agus 1980, go mór mór sa thionscal leictreonach. Cé gur dhúnadh cuid mhaith díobh tar éis an mílaoise nuair a thréigh fostaíocht déantúisíochta Éire chun dul chuig an Áis agus oirthear na hEorpa, is ionad mór thionscail fós í Luimneach. Is iad Dell Computer (riamhairi) i Ráithín, Analog Devices (chipeanna) i Ráithín agus Vistakon (lionsa taidhle) i gCaladh Uí Threoigh na fostaitheoiri tionscail is mó i mór-chathair Luimnigh faoi láthair.

I gomharsanacht Aerfort na Sionna, tá Páirc Eitileorachta na Sionna in a bhfuil comhlachtaí deisiú eitileáin, airgeadais eitileorachta, deisiú innealra agus deantúsaíocht agus deisiú codanna eitileáin.

Sráid na Danmhairge sa bhlian 1982
Sráid na Danmhairge sa bhlian 1982

[athraigh] Mion-Thionscal

Cé gur le comhluchtaí eachtracha formhór na dtionscal móra i Luimneach agus a timpeallacht, tá dúlra bríomhar mion-thionscail ard-theicneolaíochta inti freisin ar le comhluchtaí Éireannach a bhformhór. In a measca, tá a leithéid a bhaineann le riamhairí, bog-earraí, dearadh, multi-mheáin agus foilsiú agus tá a lán díobh suite i bPáirc Teichneolaíochta Plassey i gCaladh Uí Threoigh gar d'Ollscoil Luimnigh.

Cé go bhfuil na monarchain éadaigh beagnach go léir dúnta anois, tá traidisiún láidir faisin fós sa chathair ós rud é go bhfuil cúrsa tríú leibhéal cáiliúil ar fáil i gColáiste Ealaíona Luimnigh ar Sráid an Chláir (cuid de Isntitiúd Teichneolaíochta Luimnigh). Tá an scannán "Cowboys & Angels" bunaithe are mhic-léinn an Choláiste sin.

Tá ionad taighde agus táirgíochta bia i bPáirc Tionscail Ráithín.

[athraigh] Seirbhísí

Tá fás mór tagtha ar thionscail seirbhísí i Luimneach ó 1990 anuas. Ós rud é gur phríomh-chathair an Mean-Iarthair í, is lár-ionad airgeadais, riarachán, sláinte agus trádála í do réigiúin in a bhfuil 400,000 áitreabhaigh.

De barr a suíomh, úsáideann an-chuid chomhluchtaí an chathair nó an ceanntar mor-thimpeall dí mar a dara láthair scaipiúcháin sa Phoblacht i ndiaidh Bhaile Átha Cliath.

Tá príomh-oifig Ard-Bhailitheoir na gCoimisiúinéiri Ioncaim suite ar Shráid Phroinsias agus tá feidhmeanna cabhair eachtracha an Roinn Gnóthaí Eachtracha á aistriú go Luimneach. Tá ceann-cheathrú Bord na gCon agus ceann-cheathrú Cumann Soláthar Bainne Uachtarlann na Éireann suite sa chathair chomh maith.

[athraigh] Turasóireacht

Áras Fáilte Luimnigh, dearhta ag Murray Ó Laoire ar Ché Artúir
Áras Fáilte Luimnigh, dearhta ag Murray Ó Laoire ar Ché Artúir

Cé ná fuil an clú céanna ar leith ar Luimneach mar ionad saoire agus a bhfuil ar Bhaile Átha Cliath, Chorcaigh no Ghaillimh, tá tionscal mór fáilte fós inti le blianta de bharr a cóngaracht le Aerfort na Siona. Agus i ndiaidh ath-thógáil lár na cathrach ó dheireadh blianta na 1980í, tá cuma i bhfad níos fearr don turasóir anois aici.

Tá líon mór tar éis teacht ar líon cuairteoiri ar Luimneach i ndiaidh teacht seirbhísí Ryanair go Aerfort na Sionna.

[athraigh] Iarsmalainn

Is in Iarsmalann Hunt atá suite i Sean-Thigh an Chustaim ar Shráid Rutland a bhfuil an bailiúcháin ar chuir an díoltóir ealaíona Seán Ó Fiaich agus a bhean Gertrude le chéile le linn a shaol. Tá ós cionn 2,000 míreanna ann agus tá tabhacht ar leith ar iad siúd a bhaineann le ré roimh-Chríost Éireann, ré luath Críostaithe Éireann agus ré Athbheochana na hEorpa.

Tá Iasmalann Cathrach Luimní suite anois i Lána an Chaisleáin in aicle le Caisleán an Rí Eoin. Tá trí fhoirgneamh sa lána a ath-thógadh ag deireadh blianta na 1990í mar shamplaí d’ailtireacht Luimníoch an 17ú aois. Ar an dtaobh eile den chaisleáin tá Sean-Phalás an Easpaig.

[athraigh] Óstáin

Cé gur leagadh roinnt sean-óstáin cáiliúla lár na cathrach ó dheireadh blianta na 1980í (Cruise’s, Royal George agus Jury’s ina measc), tá lion na seomra tar éis éirí go tapaidh sa linn céanna. Tá óstáin nua ar nós an George, an Hilton, an Marriott, Jury’s Inn, an Clarion, an Absolute agus Óstán Droichead na Sionnainne tar éis oscailt sa lár agus a thuilleadh fós ar nós an Cúirt Theas, Páirc Chaladh Uí Threoigh, Radisson SAS, Lóiste Chill Mhuire agus an Comfort ar imeall na cathrach.

Iarsmalann Hunt ar Shráid Rutland
Iarsmalann Hunt ar Shráid Rutland

Is iad Bóthar na hInse, Ascall Uí Chonaill, Sráid Dáibhís agus Bóthar Bhaile Átha Cliath i gCaladh Uí Threoigh na láthair ina bhfuil formhór na dtithe lóistín is bia (B&Bs).

[athraigh] Páirceanna Poiblí

Tá páirceanna poibli scaipthe ar fud na cathrach. Is iad Páirc an Phobail, páirc claisiceach Seoirseach ar idir Cearnóg an Phoirigh agus Sráid Mháigh Eala, Páirc Ché Artúir, Páirc Tigh an Chustaim agus Páirc an Easpag Uí Néill ar Shráid an Chláir na príomh-cinn.

[athraigh] Casáin Siúl

Is féidir leis an turasóir siúl thar dá bhruach na Sionnainne. Má thosnítear ag dul aniar ó Charraig an Chonartha ar an dtaobh thuaidh de Dhroichead Thumhan, imítear thar Dún an Trá, Leacht Éirí amach na Cásca ar Dhroichead an tSáirséalaigh, Cé Artúir, Páirc Tigh an Chustaim, Droichead Siúl Uí hAllmharáin, Margadh na bPráta, Ardeaglais Mhuire, Áras na Cathrach, Lána an Chaisleáin, Caisleán an Rí Eoin agus tá Sean-Phalás an Easpaig laistigh d’uair an chloig.

Tá casán eile siúl a théann ó Thigh an Chustaim thar Droichead de Bhál, Cé an Chomhlán Uisce, An Canál Mór agus ar bhruach na Sionnain anoir go dti an Ollscoil.

[athraigh] Ardoideachas

Foirgneamh Schumann, Ollscoil Luimni, 2003
Foirgneamh Schumann, Ollscoil Luimni, 2003

Is ionad tabhachtach ardoideachais í Luimneach agus tá trí choláistí tríú léibhéal suite sa mhór-chathair ina bhfuil níos mó ná 20,000 mic-léinn ag freastal. I rith na bliana acadúla, is suas le 10% de dhaonra na cathrach iad mic-léinn nárbh as Luimneach iad.

[athraigh] Ollscoil Luimnigh

Osclaíodh Ollscoil Luimnigh sa bhlian 1972 i dTigh Phlassey, Caladh Uí Threoigh, 5km soir ó lár na cathrach mar an Foras Náisiúnta um Ardoideachais. Cé ná raibh ach 100 mic-léinn ag freastal inti sa chéad bhlian, ghóthaigh sí cáil go tapaidh mar ionad acadúla, go mór mór san innealtóireacht, eolaíocht leictreonacha agus staidéir Eorpacha. Faoina chéad Stiúiritheoir Dr. Éamonn Breathnach, d'fhorbair sí oideachais co-oibreach, structúir modúlacha agus scrúdúcháin reatha atá mar ghnáth anois i ngach coláiste tríú léibhéal in Éireinn ach ná raibh ar fáail in aon áit san am sin.

Bhain an Foras staideas ollscoile ó Rialtas na hÉireann sa bhlian 1989 agus d'fhás sí go tapaidh in a dhiaidh. Thar an am céanna, aontaíodh í le Coláiste Oideachais Thumhan a bhunaíodh i 1972 chonh maith agus a bhí ar an gcampus céanna léi.

Tá ós cionn 12,000 mic-léinn ag freastal uirthi i láthair na h-uaire agus tá 3,000 díobh in a gcónaí ar an gcampus féin atá tar éis leathnú anois thar na Sionnainne go dti Contae an Chláir. Bronntar céimeanna baistiléir, mháistir agus dochtúra ar chéimithe innealtóireachta, ealaíona, eolaíochta, leighis, teicneolaíocht eolais, dlí, ailtireachta, staidéir gnó, eolaíocht sóisiala, ceoil agus oideachais.

Ardeaglais Eoin, an stua is airde in Éirinn.
Ardeaglais Eoin, an stua is airde in Éirinn.

Is é Halla Ceoil na h-Ollscoile ceann des na ceolárais is mó in Éirinn agus tá Orchestra Seomra na hÉireann agus Ionad Ceol Domhain na hÉireann bunaithe ann. Tá Ionad Náisiúnta Traenála Spóirt bunaithe ar champus Ollscoil Luimnigh freisin.

[athraigh] Institiúd Teicneolaíochta Luimnigh

Bunaíodh Institiúd Teicneolaíochta Luimnigh sa bhlian 1980 nuair a aontaíodh cúig scoileanna tríú leibhéal beaga ar champus nua in Máigh Lis tuairim 3km ó lár na cathrach ar bhruach thuaidh na Sionnainne. Bronntar céimeanna baistiléir agus mháistir agus dámhanna ar mhic-léinn innealtóireachta, teanganna, eolaíochta, teicneolaíocht eolais agus staidéir gnó. Tá cáil ar leith ar chúrsaí tógála agus dearadh faisin an choláiste.

Tá beagnach 7,000 mic-léinn ag freasatl faoi láthair na h-uaire i Máigh Lis agus ar a champus ealaíona agus dearadh ar Shráid an Chláir. Is í an Dochtúir Ollanach Maria Hinfelaar Stiúiritheoir an Institiúid faoi láthair.

[athraigh] Coláiste Oideachais Muire Gan Smál

Tá Coláiste Oideachais Muire Gan Smál, an coláiste tríú leibhéal is sine sa chathair, suite ar Chuar-Bhóthar Theas, tuairim is 2km ó lár na cathrach. Bhunaigh Siúir an Trócaire sa bhlian 1900 é mar choláiste oiliúna i gcomhair ban-mhúinteoiri bunscoile ach, cé gurb é an oideachas an roinn is mó fós ann, is gnáth-choláiste tríú leibhéal ealaíona anois é.

[athraigh] Cumarsáid Áitiúil

[athraigh] Preas

"Rinn na hAbhann" ar bhruach na Sionnaine - 2005
"Rinn na hAbhann" ar bhruach na Sionnaine - 2005

Is é an Limerick Leader and nuachtán is mó léite i gCathair agus i gContae Luimní. Foilsítear é sa tráthnóna Dé Luain agus De Chéadaoin, tá eagrán seachtainiúil an Chontae ar fáil Déardaoin agus eagrán seachtainiúil na Cathrach ar an Aoine. Is gar-nuachtán dó an Limeick Chronicle, an dara fhoilsiúcháin is sine in Éirinn i ndiaidh an Belfast News Letter a bhunaíodh sa bhlian 1766, agus tagann sé amach tráthnóna Dé Mháirt. Ba le clann Buckley an grúpa Leader óna bhunú sa bhlian 1889 (mar ardán náisiúnach in aighidh an chlaonadh Bhreathnach a bhí ar an gChronicle san am) ach díoladh leis an Leinter Leader é sa bhlian 2004. Sa bhlian 2006, cheannaigh an Johnson Group, chomhlucht preas réigúndach Albanach, foilsiúcháin an Leinster Leader. Díoltar tuairim is 25,000 cóip d'eagráin seachtainiúla an Leader gach seachtain agus is ceann des na nuachtáin réigiúndaigh is mó in Éirinn.

Tá dhá nuachtáin saoire seachtainiúil sa chathair faoi láthair, an Limerick Post (a bhunaíodh i 1986 agus ar i seilbh a eagraitheora bunaithe Billy Ryan fós é) agus an Limerick Independent a bhunaíodh i 2006.

[athraigh] Raidió

Is le 95FM ceadúnas áitiúil craolacháin raidió Luimní i láthair na h-uaire. Raidió neamh-ofifigiúil a bhí in RLO onár chaill sé a cheadúnas sa bhlian 1997 go dti gur dhún na h-údaráis é i 2006.

Is féidir Tipp FM (Contae Tiobrad Árann), Clare FM (Contae an Chlair) agus pobal-raidió West Limerick FM102 a chloisint sa chathair chomh maith.

Tá príomh-stiúdió Lyric FM, an tríú canál raidió an chraolathóir náisiúnta RTÉ (Raidió Telefís Éireann), suite sa chathair. Is é ceol clasaiceach príomh-bhéam Lyric FM.

[athraigh] Na hEalaíona

[athraigh] Dráma

Is í Ionad Ealaíona an Bhelltable ar Shráid Uí Chonaill príomh-láthair drámaíochta na cathrach ach úsáidtear amharclanna eile chomh maith. Is féidir le slua féachanna suas le 1,800 daoine Halla Ceoil na hOllscoile a úsáid, tá Buíon Drámaíochta Impact bunaithe i Halla an Chorráin sa Chorráin agus baineann Buíon Drámaíochta an Oileáin úsáid as sean-Séipéal Mhainchin ar Shráid an Chaisleáin ó am go h-am.

Tá clú bainte amach ag beirt drámadóirí reatha as Luimneach faoi dhrámaí as Béarla atá bunaithe i saol na cathrach. Scríobh Maidhc Ó Finn Pigtown, cúntas staire di, agus Shock and Awe agus tá Alone It Stands le Seán Ó Braoin bunaithe ar bhua foireann Rugbaí na Mumhan ar an Nua-Shéalainn sa bhlian 1978.

Rae tithe brice deirge i Sráid Mhulgrave a thógadh ag deireadh an 19ú aois.
Rae tithe brice deirge i Sráid Mhulgrave a thógadh ag deireadh an 19ú aois.

Fuirseoiri mór le rá iad Páid Ó Géaráin agus Seán Ó Cionnaith a bhfuil cónaí orthu i dtimpeallacht Luimnigh. Cé go bhfuil said ag obair leo féin anois, scríobhadar seóanna ar nós d’Unbelievables agus The Glengooly Gala Night.

[athraigh] Scannáin

Níl aon tionscal lán-aimsearach scannán sa chathair ach deineadh dhá phríomhscannán inti le déanaí. Tá Angela’s Ashes bunaithe ar scéal Proinnsias Mac Cuarta faoin a óige i Luimneach i mblianta na 1930í agus na 1940í. Tá Coboys & Angels, scannán an stiúiritheora Luimníoch Daithi Ó Gliasáin, bunaithe ar saol mic-léinn Coláiste Ealaíona Luimnigh.

Rugadh an aisteoir cáiliúil Risteárd Ó hEarcha (1930-2002), réalt scannán mar The Field, This Sporting Life, The Wild Geese, Camelot agus Lord of the Rings, i Luimneach

Ritheadh an chéad Fleadh Scannán Luimnigh in Ollscoil Luimnigh i mí na Márta 2007.

[athraigh] Ealaíon Físeach

Tá Gailearaí Ealaíona Cathrach Luimnigh suite i gCearnóg an Phoirigh agus tá bailiúcháin d’ealaíon na hÉireann on 18ú go dti an 20ú aois le feiscint ann. Bíonn taispeántais sealdacha le feiscint ann i rith na bliana.

Tá an Gailearaí Náisiúnta Féin-Phortráid bunaithe in Ollscoil Luimnigh agus tá fár suantasach tar éin teacht ar an mbailiúcháin ón a bhunú ag an Dr. Éamonn Breathnach agus Pádraig Ó Cnáimhsigh i mblianta na 1970í.

Rithtear an EV+A (Exhibition of Visual+ Art as Béarla) sa chathair gach blian agus is ceann des na taispeántaisí éalíona chomhaimseartha is tabhachtaí in Éirinn é.

Rugadh Seán Céitinn (1899-1977), ceann des na péintéirí is cáiliúla in Éirinn i gcéad leath an 20ú aois, i Luimneach.

[athraigh] Ceol

Séipéal Eoin sa bhlian 1982. Ath-thógadh san 18ú aois í. Dhún Eaglais na hÉireann í sa bhlian 1970 agus úsáidtear mar ionad rinnce Daghda anois í
Séipéal Eoin sa bhlian 1982. Ath-thógadh san 18ú aois í. Dhún Eaglais na hÉireann í sa bhlian 1970 agus úsáidtear mar ionad rinnce Daghda anois í

Tá suim i ngach saghas ceol i Luimneach. Is iad na Cranberries (sna 1990í) agus na Granny’s Intentions (sna 1960í) na grúpaí is mó le rá a tháinig on gacthair. Tá clú mór bainte amach ag Micheál Ó hÁinle mar scríbhneoir ceol tire agus b’iad na Monarchs an buíon Luimníoch is cáiliúla ó Ré na Showbands.

Is as Luimneach freisin Ciarán Mac Mathúna, láiritheoir ceol traidisiúnta ar Raidio Éireann le blianta.

Tá Orchestra Seomra na hÉireann agus Ionad Ceol Domhain na hÉireann bunaithe in Ollscoil Luimnigh agus tá clú ar leith bainte amach ag Micheál Ó Súilleabháin, Stiúiritheoir Roinn Ceoil na hOllscoile.

Sé Halla Ceoil na hOllscoile príomh-ionad ceol claisiceach agus mór-seóanna ceol chomhaimseartha na cathrach, cloistear ghrúpaí nua in ionaid mar Dolan’s Warehouse ar Bhóthar na nDuganna agus is i dtithe tábhairne mar Nancy Blake’s ar Shráid na Danmhairge a chloistear seisiúin ceoil traidiisiúnta.

[athraigh] Prós agus Filíocht

Gach oíche dé Chéadaoin, bailíonn grúpa filíochta le chéile i dtigh tábhairne an Tigh Bán ar Shráid Uí Chonaill. Tá grúpaí scríbhneora próis gníomhach sa chathair freisin.

I measc údar cáiliúla na cathrach tá Cáit Ní Bhriain (1897-1974) agus Michéal Ó Cruitín. Fuair Brian Mac Giolla Meidhre (1745-1805), a scríobh an dán Cúirt an Mheánoíche, bás sa chathair.

[athraigh] Rinnce

Tá Buíon Daghda, grúpa rinnce chomhaimseartha faoi stiúiriú Mháire Ní Nuanáin, bunaithe i Séipéal Eoin i gCeárnóg Eoin.

Glaotar Fallaí Luimní ar an rinnce seit traidisiúnta is cáiliúla in Éirinn.

[athraigh] Spórt

[athraigh] Iomáint

Craobh Iomána Sóisir B Cathair Luimnigh, Áth an Mhuileann i gcoinne Tobar Phádraig sa chluiche leath-cheannais, 28ú Lúnasa 2004
Craobh Iomána Sóisir B Cathair Luimnigh, Áth an Mhuileann i gcoinne Tobar Phádraig sa chluiche leath-cheannais, 28ú Lúnasa 2004

Tá Craobh Iomána na hÉireann buaite seacht n-uair ag Luimneach (i 1897, 1918, 1921, 1934, 1936, 1940 agus 1973) agus tá sí fós i measc na foirne is láidre sa tír. Cé nár éirigh léi craobh eile a bhaint amach le 34 bliain anuas, bhuaigh sí Craobh Iomána na Mumhan sna blianta 1974, 1980, 1981, 1994 agus 1996. I measc iománaithe cáiliúla Luimnigh, tá Micheál Mac Aodha a roghnaíodh ar fhoireann iomána na Mílaoise agus Seán de Paor a bhí ar fhoirne 1936 agus 1940.

Sí Páirc na nGael ar Bhóthar na hInse lár-ionad iomána Luimnigh, áit a bhfuil spás anois do 50,000 lucht féachana. Sa bhliain 1961, d'íoc 61,000 chun teacht isteach ar chluiche cheannais iomána na Mumhan agus meastar gur tháinig slua 10,000 breise isteach ina ndiaidh saor in aisce nuair a bhriseadh síos na geataí.

Tá ocht gclub sa chathair, Clochán agus Na Piarsaigh (sinsear), Mungairit agus Móin a' Lín (idirmheánach) agus Sean-Chríostaithe, Naomh Pádraig, Áth an Mhuilinn agus Sairséalaigh na Mainistreach (sóisear).

[athraigh] Peil Ghaelach

Bhuaigh Luimneach chéad Craobh Peile na hÉireann sa bhliain 1887 agus d’éirigh léi arís i 1896. Ach ó shin i leith, níl aon craobh cúige nó náisiúnta gafa aici. Lasmuigh de thréimhsí gearra idir 1965 agus 1967 agus arís idir 1985 agus 1992, bhí foireann an-lag ag an gcontae tríd an 20ú aois go léir. Tháinig feabhas ar an scéal nuair a shroich an foireann faoi-21 cluichí ceannais na hÉireann sa bhliain 2000 agus ba as sin ar tháinig formhór na n-imreoirí a chaith an geansaí glas i gcluichí peile ceannais na Mumhan sna blianta 2003 agus 2004.

Peileadóiri Luimnigh tar éis buachaint ar Chill Mhanntáin agus Roinn 1 na Sraithe Náisiúnta a bhaint amach i gCill Mocheallóg, 6ú d'Aibreán 2003
Peileadóiri Luimnigh tar éis buachaint ar Chill Mhanntáin agus Roinn 1 na Sraithe Náisiúnta a bhaint amach i gCill Mocheallóg, 6ú d'Aibreán 2003

Roghnaíodh peileadóirí Luimnigh Pádraig de Baróid, Seán Ó Cuáin agus Stiofán Ó Ceallaigh ar fhoireann idirnáisiúnta na hÉireann i gcoinne peileadóirí Rialacha na hAstráile.

Tá ocht gclub peile sa chathair – Móin a’ Lín, Clochán agus Mungairit (sinsear), Naomh Pádraig agus Na Piarsaigh (idirmheánach) agus Áth an Mhuilinn, Gaeil Baile na Cora agus Sairséalaigh na Mainistreach (sóisear). Imríonn foireann peile Luimnigh i bPáirc na nGael, ceannáras CLG Chontae Luimnigh.

[athraigh] Sacar

Imríodh sacar gairmiúlach go leanúnach i Luimneach ón mbliain 1937 ach b’iad foirne éagsúla a bhí mar baill de Léig Peile na hÉireann. Mharaigh an chéad club Luimneach go dtí 1983 (ainmníodh é Luimneach Aontaithe i ndiaidh 1977), Cathair Luimnigh go dtí 1990, Cumann Peile Luimnigh go dtí 2006 agus is é Luimneach 37 atá ann i láthair na huaire.

Buadh an Léig sna blianta 1961 agus 1980 agus Craobh CPÉ i 1971 agus 1982. Bhí Al Mac Fhionnúcháin, Caoimhín Mac Giolla Phádraig, Pádraig Ó Nualláin agus Seán Breathnach ag imirt le Luimneach nuair a roghnaíodh iad ar fhoireann idir-náisiúnta na hÉireann.

I measc na clubanna sóisir sa chathair tá Raonaithe Fionnradhairc (a bhuaigh Craobh Sóisear CPÉ cúig uair timpeall na Mílaoise), Fánaithe na Píce, Na Gearaltaigh, Baile Uí Neachtain Aontaithe, Corrbhaile Aontaithe, Aisling Áth na Coite, Fánaithe an Réilt, Raonaithe de hÍde agus Mungairit Réigiúnach.

[athraigh] Rugbaí

Tá rugbaí níos láidre i Luimneach ná in aon áit eile in Éirinn agus is í bPáirc Thumhan ionad baile foireann rugbaí na Mumhan a bhuaigh Craobh Heineken na hEorpa i 2006. Le blianta anuas, imríonn formhór tosaithe foireann idir-náisiúnta na hÉireann le clubanna as Luimneach. Ina measc siúd, tá imreoiri reatha Pól Ó Conaill, Seán Ó hAodha, Marcus Ó hÓráin agus Dáithi de Bhailís agus iar-imreoiri Antóin Ó Foghlú, Ceit Mac Giolla Choille, Gearóid Mac Lochlainn, Peadar Ó Clochasaigh, Tomás Ó Clumháin agus Colm Tuicéir.

Is í Sionna an chlub rugbaí is láidre in Éirinn ó bhunáiodh an Léag Uile-Éireann agus tá an craobh buaite freisin ag Garraí Eoin agus Ógra Mumhan. Is iad Sean-Chorrán, OL-Bóithéimigh, Tumhan, Risteaman, Naomh Mhuire agus An Tobraid na clubanna eile sa chathair.

[athraigh] Rásaíocht

Is i gCnoc Glas, 8km ó dheas ó lár na cathrach an an mbóthar idir Tobar Phádraig agus Croabh Chumhra atá Ráschúrsa na gCapall Luimnigh. D'oscail sé sa bhlian 2002, an chéad ráschúrsa nua in Éirinn le caoga blian anuas, in áit an sean-chúrsa a bhí suite ar an gCuarbhóthar Theas.

Rithtear Corn na hÉireann i gCnoc Glas ag tús Feabhra gach bliana. Is í an craobh is tabhachtaí agus is luachmhaire i gcúrsaíocht na gcon ar domhain anois.

Tá Raon na gCon Luimnigh suite ar Bhóthar Mulgrave. Beirtear níos mó cúanna ráis i dContaetha Luimnigh, Thiobrad Árainn agus Chiarraí ná in aon limistéar eile ar domhain.

[athraigh] Spóirt Eile

Leacht a thógadh ar Bhóthar Mulgrave i gcuimhne ar an lúth-chleasaí cáiliúil Luimníoch ó dheireadh an 19ú agus tús an 20ú aois Seán Ó Gráda
Leacht a thógadh ar Bhóthar Mulgrave i gcuimhne ar an lúth-chleasaí cáiliúil Luimníoch ó dheireadh an 19ú agus tús an 20ú aois Seán Ó Gráda

Sa chispeil, tá fóirne as Luimneach i Sraith Náisiúnta na bhFear (Leoin Luimnigh} agus i Sraith Náisiúnta na mBan [OL-Eachinis]]. Imríonn an dá fhoireann i Arena Ollscoil Luimnigh.

Tá ocht ngalf-chúrsa laistigh de 20km ó lár na cathrach. Is iad GC Luimnigh i bBaile Clocha, GC Caladh Uí Threoigh, GC An Ráth Bháin, GC Chontae Luimnigh is mBaile an Fhaoitigh, GC Na Sionnainne in Aerfort na Sionna, GC Cluain Lára, GC Áth Dara agus GC Mainéar Ath Dara.

Tá clú ar Luimneach mar ionad rámhaíochta agus tá clubanna CB Luimnigh, CR Na Sionnainne, CR Naomh Mhichíl agus CR Áth Longfoirt suite laistigh de theor na cathrach. Tá clubanna breise suite sa mhór-chathair in Ollscoil Luimnigh agus i gCaisleán Uí gConaig.

I measc na spórt eile, tá clubanna eile lúthchleasaíochta, snámha, haca, rothaíochta, camógaíochta, peil na mban, cruicéid, leadóige agus liathróid láimhe agus tá an-chuid díobh bunaithe in Ollscoil Luimnigh nó in Institiúd Teicneolaíochta Luimnigh.

[athraigh] Ospidéil

Tá ospidál amháin ginearálta laistigh de theorainn na cathrach, Ospidéal Eoin i gCearnóg an Ardeaglais. B'ospidéal ginearálta é Ospidéal Bharringtons ar Ché Sheoirse ach tharraing an Bord Sláinte siar de sa bhlian 1988 agus athosclaíodh mar mhion-ospidéal príobhádach é ina dhiaidh.

Is ar Bhóthar Mulgrave a bhfuil Ospidéal Meabhar-Ghalar Sheosaimh suite agus tá an Ospidéal Breithe Réigiúnach Mhainchin ar Bhóthar na hInse.

Is é Ospidéal Réigiúnach an Mheán-Iarthair príomh-ospidéal muíntear na cathrach agus tá sé suite i mbruach-bhaile Tuar an Dúill, tuairim is trí mhíle siar ó lár na cathrach.

[athraigh] Aeráid

Tá aeráid séimh ag Luimneach le meán-uasteocht an lae 20°C (68°F) i mí Iúil agus meán-íosteocht na h-oíche 4°C (39°F) i mí Eanair. Is iad 31.6°C (88.88°F) an teocht is airde riamh sa chathair agus -11.2°C (11.84°F) an teocht is ísle ó thosach annálacha an aimsir.

Teocht agus Báisteach
Ean Fea Már Aib Bea Mei Iúl Lún MFr DFr Sam Nol Blian
Meán-uasteocht an lae (°C) 8 9 11 13 16 18 20 20 18 14 11 9 14
Meán-íosteocht na h-oíche(°C) 4 4 5 6 8 11 13 13 11 9 6 5 8
Meán-bháisteach (cm) 7.64 7.15 5.58 5.08 4.18 5.21 5.03 5.68 5.08 7.79 6.53 7.55 72.50
Foinse: MSN Weather
Droichead Sylvester Uí hAllmharáin, Margadh na bPráta
Droichead Sylvester Uí hAllmharáin, Margadh na bPráta

[athraigh] Mic agus Iníní Cáiliula Luimnigh

I measc na ndaoine cáiliúla a rugadh sa chathair nó ar chaith seal mhaith dá shaol inti nó a bhfuil baint mór acu léi, tá an liosta seo a leanas:

[athraigh] Laochra

[athraigh] Polaiteoiri

  • Donnchadha Ó Máille (1920-1968), Aire Oideachais na hÉireann ar thug isteach saor-oideachas do chác
  • Pádraig Cox (1952- ), Iar-Uachtarán Parlaimint na hEorpa

[athraigh] Laochra Spóirt

  • Seán de Paor (1916-1994), iománaí
  • Stiofán Ó Fionnáin (1976- ), peileadóir sacair le CP Learphoill agus Éirinn

[athraigh] Ealaínteoiri

  • Brian Mac Giolla Meidhre (1745-1805), file
  • Cáit Ní Bhriain (1897-1974), úr-scéalaí
  • Seán Céitinn (1899-1977), péintéir
  • Risteárd Ó hEarcha (1930-2002), aisteoir scannáin
  • Proinnsias Mac Cuarta (1930- ), úr-scéalaí
  • Dolores Ní Ríordáin (1971- ), amhránaí leis na Cranberries

[athraigh] Daoine Eile

  • Peadar de Bhulbhh (1727-1803), ceimiceoir, ainmníodh wolfram (tungstan) ina dhiaidh
  • Traolach de Bheogáin (1938- ), craoltóir le BBC na Breataine

[athraigh] Nasc-Bhailte

Tá Luimneach nascaithe le Kemper/Quimper i mBriotáin na Fraince, Spokane i Stát Washington i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Starograd Gdanñski i Réigiún Pomaráine Thoir na Pólainne.

[athraigh] Naisc


Commons
Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia a bhaineann leis an ábhar seo: