Cartúm
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cathair san Afraic is ea í Cartúm (Araibis: الخرطوم al-Ḫarṭūm), príomhchathair agus an dara chathair is mó na Sudáine. Tá an chathair suite idir na dhá Níl (An Níl Bán agus an Níl Ghoirm) i Stát Cartúm, agus tá níos mó ná milliún daoine ina gcónaí ann. Is ceann do na trí chaithaireacha í Cartúm, chomh maith le Omdurman agus Cartúm Thuaidh, is í an cathair ba sine díobh, cé go bhfuil baile Soba (baile beag atá suite deich míle ó lár na catharacha ar bhruach an Níl Ghoirm, ach a bhfuil anois páirt don mór-bhaile) níos sine fós. Tá suas le cúig milliún daoine sna trí chaithaireacha le chéile, le Omdurman suite san iarthear, ar bhruach an Níl Bán agus an Níl féin agus Cartúm Thuaidh suite ar an taobh tuaisceart don Níl Ghoirm.
San teanga Arábaigh, úsáidtear an focail Cartúm mar ainm píobán (mar shampla, píobán ghairdín) agus mar ainm srón an eilifint freisin. Deirtear go bhfuil cuma srón eilifint ar ceanntair an cathair, maidir leis an slí ina thagainn na dhá Níl le chéile ann, le oileán beag (Oileán Tuti) suite i bhéal an Níl Ghoirm.
[athraigh] Stair
Do bhunaigh An Chedíbh Mohammed Ali Cartúm san bhliain 1821 mar port don rialtais Tuirceach-Éigipteach i tuaisceart an t-Sudáin. D'fhás an baile go tapaidh, mar saigheas entrepôt don ceantair sa deisceart a bhí ann- go h-áirithe ag dul ó dheas ar an Níl Bán. Ionad sclábhaíochta a bhí ann freisin le rith an am seo - tógadh na sclábhaithe ón deisceart. Faoi bhrú na 'cumhachtaí móra', déan Éigipt iarraidh an sclábhaíocht a stadadh sna 1840aí. Ar an 13ú lá de Máirt, sa bhliain 1884 chuir airm an Mahdí Cartúm faoi léigear. Bhí an saighdiúir Sasanach, Charles Gordan, i gceannas fórsaí an chathair. Faoi deireadh, ar an 26ú lá do Eanair, 1885, deirigh le airm an Mahdí an lámh in uachtair a bhaineadh amach. Maraíodh Gordon i dteach an ghobharnóir, is baineadh a ceann dá choirp chun a thaispeáint don Mahdí go raibh sé mairbh. Cé gur fuair an Mahdí bás tamaill beag ina dhiaidh sin, lean a rialtas (a glaotar an Mahdía) ar aghaidh go dtí 1898 - 1899 leis an Chalífa Abdullahi i gceannais. Do bhunaigh rialtas an Mahdía cathair Omdurman agus úsáidtear í mar príomhcathair an Mahdía. Ar an dara lá do Meán Fomhair, 1898 d'éirigh le airm Sasanach faoi Sirdár Horatio Kitchener i gCath Omdurman i gcoinne airm an Mahdía, agus in sna bliana ina dhaidh sin, cuireadh an tír go léir faoi chois rialtais Briotánach-Éigipteach. Déanadh príomhcathair do Chartúm ón am seo, don críoch Briotánach-Éigipteach agus tar éis neamhspleáchas na tíre san bhliain 1956, don tír nua.