Eamon de Valera

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Éamon de Valera
Éamon de Valera
Ord: 3ú Uachtarán
I bhfeidhmeannas: 25 Meitheamh 195924 Meitheamh 1973
Uimhir tréimhsí: 2
Réamhtheachtaí: Seán T. Ó Ceallaigh
Comharba: Erskine Childers
Dáta breithe: 14 Deireadh Fómhair 1882
Áit bhreithe: Cathair Nua-Eabhrac, SAM
Dáta báis: 29 Lúnasa 1975
Áit bháis: Baile Átha Cliath, Éire
Céile: Sinéad de Valera
Gairm: Polaiteoir; múinteoir; matamataiceoir
Ainmnithe ag: Fianna Fáil (1959 & 1966)
Iarrthóirí eile: 1959
Fine Gael:
::Seán MacEoin
1966
Fine Gael:
::Tomás Ó hUiginn

Ba pholaiteoir, Taoiseach, agus Uachtarán ar Éirinn é Eamon de Valera (14 Deireadh Fómhair 1882 - 29 Lúnasa 1975). Faoin ainm Edward George de Valera a rugadh é; uaireanta tugtar an t-ainm Gaelaithe Éamonn de Bhailéara air.

Clár ábhair

[athraigh] Tús a shaoil

Saolaíodh Edward George de Valera i gCathair Nua-Eabhraic, Stáit Aontaithe Mheiriceá i 1882, mac le máthair Éireannach Kate Coll (nó Catherine Coll de Valera Wheelwright), agus athair Spáinneach Juan Vivion de Valera. Tagann an t-eolas faoin a athair ó de Valera féin. Dúirt sé gur dealbhóir Spáinneach é Juan Vivion a tháinig go dtí na Stáit Aontaithe agus a bhuail leis a mháthair Kate, í a rugadh i Cnoc Mór, Contae Luimnigh. Pósadh iad i 1881, ach cailleadh Juan Vivion i 1885. Níl aon eolas oifigiúil faoi bhreith no bhás Juan Vivion de Valera, agus tá seans ann gur chruth Éamon an scéal ar fad. Gan aon eolas níl aon rud cinnte, ach is fíor gur tóghadh de Valera i réigiún bocht sa chathair mór. Cé go raibh an saol go crua, bhí cuimhní mhaith ag de Valera ón tréimhse sin, agus thóg sé ainm a athair don chéad mhac a bhí aige níos déanaí (Vivion de Valera). Thóg a uncail Ned é go hÉireann i 1885, agus chuaigh de Valera chun chónaí le Elizabeth Coll, a sheanmháthair, ar fheirm i mBrú Rí, Contae Luimnigh.

Bhí saol compórdach ag an leaid óg, ag obair ar an bhfeirm, ag freastal ag an scoil náisiúnta i mBrú Rí, ag éisteacht le scéalta seandaoine an sráidbhaile, agus ag imirt rugbaí. Dalta cliste ab ea é chomh maith. D´fhreastal sé ag an meánscoil Na mBráithre Críostaí i Charleville, Contae Chorcaí, agus bhuaigh sé scoláireacht chun dul go dtí Coláiste Na Carraige Duibhe i mBaile Átha Cliath i 1898. Bhí suim aige sa matamaitic, agus roghadh é ina ollamh ag Coláiste Rockwell i gContae Thiobraid Árann i 1903. Bhain sé céim amach i matamaitic ón Royal University of Ireland (Ollscoil na hÉireann inniu) i 1905, agus d´fhill sé ar ais go Baile Átha Cliath chun obair i gColáiste Belvedere. Fuair sé post nua i 1906 ag Carysfort Teachers' Training College ar an gCarraig Dhubh. Ní raibh an t-ádh aige nuair a chuir sé isteach le Ollscoil na hÉireann i Maigh Nuad, ach glacadh é ar bhonn páirtaimseartha.

[athraigh] Conradh na Gaeilge

Bhí athbheochan Ghaelach ar siúl sa tír agus i mBaile Átha Cliath go háiríthe ag an am seo. Ghlac de Valera páirt san ghluaiseacht, agus ba Ghaeilgeor é i gceann tamaill. Chuaigh sé isteach i gConradh na Gaeilge, eagraíocht a bhunaigh Dubhghlas de hÍde agus Eoin Mac Néill chun an teanga a neartú. Thosaigh sé ag freastal ar cheachtanna Ghaeilge sa chathair. An múinteoir a bhí aige ná Sinéad Ní Fhlannagáin, gaeilgeor eile ó mBaile Brigín, a bhí ceithre bliana níos sinne. Thit siad i ngrá, agus pósadh iad ar 8 Eanáir, 1910 i séipéal ag Cé Arainn sa chathair. Chuaigh de Valera isteach sna hÓglaigh ar 25 Samhain, 1913. Ceannaire nádúrtha ab ea é, agus roghadh é ina chaptaen tar éis tamaill. Ag an am sin, bhí na hÓglaigh faoi smacht Bráithreachas na Poblachta (IRB), agus chuaigh de Valera isteach san eagraíocht sin freisin.

[athraigh] Éirí Amach na Cásca

Bhí na hÓglaigh agus Arm na Saoránach ag pleanáil réabhlóid in Éirinn ar feadh tamaill. Thosaigh Éirí Amach na Cásca nuair a léigh Pádraig Mac Piarais Forógra na Poblachta amach ar Sráid Sackville (Sráid Uí Chonaill inniu) ar 24 Aibreán, 1916. Bhí de Valera agus a Thríú Cathlán lonnaithe i Muileann Uí Bheolain, ar Sráid na Canál Mór sa chathair. Bhí siad ábalta an áit a choimeád go dtí deireadh na seachtaine, ach tá tuairimí difriúla faoi de Valera i rith an éirí amach. Níl aon dabht gur cheannaire láidir agus cliste é, a bhí ábalta pleanáil agus cinntí a dhéanamh. Dúirt daoine eile, áfach, go raibh saghas cliseadh néarógach aige, agus é ag rith timpeall ag tabhairt amach orduithe aite, agus ag déanamh dearmaid ar eolas tábhachtach. Ach tháinig de Valera slán as an réabhlóid, agus cuireadh faoi ghlas é. Cuireadh na ceannairí eile chun bás i bPríosún Cill Mhaighneann, ach ní dhearna siad an rud céanna le de Valera mar fuair siad amach go raibh saoránach Mheiriceánach é. Mar thoradh, d'fhan de Valera faoi ghlas i bpríosún eile, agus na Breatanaigh ag smaoineamh faoi cad a dhéanfadh siad leis. Bhí freagairt láidir ón phobal tar éis na básaithe eile, agus mar sin cuireadh iad ar ceal. Chaith sé blian faoi ghlas i Sasana, agus scaoileadh saor é i mí Meitheamh, 1917.

[athraigh] Sinn Féin agus an Chéad Dáil

D'fhás tacaíocht Shinn Féin go tobann tar éis 1916, mar bhí fearg ar dhaoine in Éirinn faoi bhásanna cheannairí an éirí amach. Laochanna ab ea iad na ceannairí anois, agus mar sin thug daoine a dtacaíocht do Shinn Féin. Ceannaire a tháinig slán as an réabhlóid ab ea é de Valera, agus bhí sé an-choitianta. Chomh maith le sin, bhí Sinn Féin i gcoinne coinscríobh, ábhar mór eile ag an am. Toghadh de Valera go dtí Westminster san Olltoghchán 1918, agus ina uachtarán Sinn Féin chomh maith. Bhí bua mór ag Sinn Féin san olltoghchán, bhuaigh siad 73 as 104 suíocháin Éireannacha (73% den vóta). Níor ghlac Sinn Féin aon suíochán i Westminster, ach bhunaigh siad a bparlaimint féin i mBaile Átha Cliath. Bhailigh na Teachtaí Dála nua le chéile sa Mansion House ar 21 Eanáir, 1919 agus chuir siad an Chéad Dáil faoi bhun. Bhí de Valera faoi ghlas arís, agus toghadh Cathal Brugha mar phríomh aire ina áit go dtí mí Aibreán. Dúirt na Breatanaigh gur pharlaimint mídhleathach é an Dáil, agus chuaigh Seán T. Ó Ceallaigh go Páras chun aitheantas idirnáisiúnta a lorg.

[athraigh] Cogadh na Saoirse

Theip Ó Ceallaigh aitheantas idirnáisiúnta a fháil san Fhrainc, agus mar thoradh chuaigh de Valera féin go dtí na Stáit Aontaithe Mheiriceá chun aitheantas, cabhair airgeadais agus tacaíocht don phoblacht a fháil. D'fhan sé sa tír ó mí Meitheamh 1919 go dtí mí Nollaig 1920, cé go raibh Cogadh na Saoirse ar siúl ar ais in Éirinn. I rith na tréimhse seo, ba é Mícheál Ó Coileáin príomh-cheannaire na poblachta, é ina Aire Airgeadais ag an am.

[athraigh] Conradh Angla-Éireannach

Níor aithin de Valera an Conradh Angla-Éireannach a shínigh Micheál Ó Coileáin agus cúigear eile i 1921, a rinne críochdheighilt ar Éirinn, ionas go raibh neamhspleáchas éifeachtach, nach mór, ag Saorstát agus gur fágadh cuid ar a dtabharfaí Tuaisceart Éireann sa Ríocht Aontaithe.

[athraigh] Cogadh Cathartha

D'éirigh de Valera as an uachtarántacht, agus is mar sin a thosaigh an Cogadh Cathartha in Éirinn inar thug sé tacaíocht do na Poblachtaigh i gcoinne airm rialta an stáit Éireannaigh nua. I 1923 mhol sé do na Poblachtaigh a gcuid arm a leagan uathu, agus cuireadh deireadh leis an gCogadh Cathartha.

[athraigh] Fianna Fáil

I 1926 chuir sé páirtí Fhianna Fáil ar bun, agus é féin mar cheannaire air. I 1932 ba é Fianna Fáil an páirtí ba láidre sa Dáil, agus toghadh mar Uachtarán an Choiste Feidhmeannaigh é. Choinnigh sé an post seo go 1948 agus thóg sé arís é faoi dhó (1951-1954 agus 1957-1959).

[athraigh] Uachtarán

Bhí Éamon de Valera ina Uachtarán ar Éirinn ó 1959 go 1973.



Taoisigh na hÉireann

Eamon de Valera | John A. Costello | Seán F. Lemass | Seán Ó Loingsigh | Liam Mac Cosgair | Cathal Ó hEochaidh | Gearóid Mac Gearailt | Ailbhe Mac Raghnaill | John Bruton | Parthalán Ó hEachthairn



Uachtaráin na hÉireann
Dubhghlas de hÍde | Seán T. Ó Ceallaigh | Eamon de Valera | Erskine Childers | Cearbhall Ó Dálaigh | Pádraig Ó hIrighile | Máire Mhic Róibín | Máire Mhic Ghiolla Íosa